Síorach 43:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Maise na firmiminte stua lonrach neimhe,dealramh na spéire ag taitneamh go glórmhar.

2. Ag éirí di fógraíonn an ghrian ag cur chun bealaigh:“Is iontach an t‑éacht é saothar an té is Airde!”

3. Um mheán lae loisceann sí an talamh,agus cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh a bladhma.

4. Ní mór don té atá ag freastal ar shorn oibriú i dteas loiscneach,ach dónn an ghrian na sléibhte a thrí oiread sin;séideann sí soinneáin tine,agus dallann sí na súile le gathanna geala.

5. Is mór é an Tiarna a rinne í,agus siúd ar a cúrsa í le hordú uaidh.

6. Rinne sé an ghealach freisin, nach ndéanann faillí ar a trátha,leis na míonna a mharcáil agus le bheith ina comhartha síoraí.

7. An ghealach, an lóchrann a théann ar gcúl tar éis a láin,is í is comhartha do na féilte.

8. Is uaithi a fhaigheann an mhí a hainm [san Eabhrais],agus is éachtach mar a thagann inti ina réim;brat sluaite na spéire í,agus í ag taitneamh i stua na spéire.

9. Glóir na réaltaí maise neimhe,cóiriú glioscarnach in arda an Tiarna.

10. Trí bhriathra an Neach Naofa, seasann siad mar a ordaíodh;ní dhéanann siad choíche faillí ina bhfaire.

11. Féach an bogha sine, agus mol an té a rinne é;is ró-alainn é le barr gile.

12. Gabhann a stua glórmhar trasna na spéire;lámha an té is Airde is iad a tharraing é.

13. Seolann sé an sneachta le hordú a bhéilagus brostaíonn sé tintreacha a bhreithiúnais.

Síorach 43