2. Faoi dhlí an té is Airde agus faoin gconradh;faoi shaorbhreith a thabhairt ar an éagráifeach,
3. Faoi chuntas a choimeád le [comrádaí slí];faoi oidhreacht mhaoine a fhágáil ag cairde;
4. Faoi chruinneas ag meá agus ag tomhas;faoi bheagán nó mórán a ghnóthú;
5. Faoi bhrabús a dhéanamh i gcúrsaí gnó;faoi smacht dian a bheith ar leanaí;faoi dhaor urchóideach a léasadh go doirteadh fola.
6. Is maith é an séala ag plé le drochbhean chéile;agus cuir glas ar do chuid san áit ina mbíonn a lán lámh.
7. Cibé rud a bhíonn á riar agat, déan é de réir uimhreacha agus tomhais;i gcás dáileadh agus cnuasach, coimeád cuntas i scríbhinn.
8. Ná bíodh náire ort faoi cheartú a chur ar dhaoi nó ar amaid,nó ar sheanóir aosta a bhíonn dian ar an aos óg;ansin beidh tú oilte dáiríre,agus beidh meas ort os comhair an tsaoil.
9. Coimeádann an iníon a hathair ina dhúiseacht gan fhios,agus fágann an imní a bhíonn air ina taobh gan codladh é:nuair a bhíonn sí óg, le heagla nach bpósfadh sí,nuair a phósann sí, le heagla go mbeadh fuath di;
10. Fad a bhíonn sí ina maighdean le heagla go dtruailleofaí í,nó go mbeadh sí trom i dteach a hathar;nó nuair a bheadh fear aici nach mbeadh sí dílis,nó nuair a bhíonn sí posta go mbeadh sí seasc.