Síorach 42:10-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Fad a bhíonn sí ina maighdean le heagla go dtruailleofaí í,nó go mbeadh sí trom i dteach a hathar;nó nuair a bheadh fear aici nach mbeadh sí dílis,nó nuair a bhíonn sí posta go mbeadh sí seasc.

11. Bíodh faire ghéar agat ar iníon cheanndána,le heagla go ndéanfadh sí ceap magaidh díot ag do naimhde,lán béil an bhaile agus ábhar suainseáin an phobail,agus náire a thabhairt duit os comhair an tsaoil.

12. Ná stán ar aon duine de bharr a scéimhe,agus ná suigh i measc na mban.

13. Má thagann an leamhan as an éadach,tagann urchóid mná ó bhean.

14. Is fearr drochbheart fir ná dea-bheart mná;ó bhean a thagann náire agus aithis.

15. Tabharfaidh mé chun cuimhne anois oibreacha an Tiarna,agus déanfaidh mé cur síos ar a bhfuil feicthe agam.Lena bhriathra a rinne an Tiarna a chuid oibreacha,[agus géilleann gach ní cruthaithe dá thoil].

16. Nuair a bhíonn an ghrian ag taitneamh féachann sí anuas ar gach rud;agus tá obair an Tiarna lán dá ghlóir mar an gcéanna.

17. Níor thug an Tiarna cumhacht dá naoimhtuairisc a thabhairt ar na hiontais uilea bhunaigh an Tiarna uilechumhachtach go daingeanchun go seasfadh an chruinne go buan ina ghlóir.

18. Tá doimhneacht an duibheagáin agus croí an duine iniúchta aige,agus tuigeann sé a shlite cama;óir tá gach eolas dá bhfuil ann ag an té is Airde,agus bhreathnaigh sé comharthaí na n‑aoiseanna.

19. Déanann sé na nithe atá thart agus na nithe le teacht a fhoilsiúagus nochtann sé gach ní dá bhfuil faoi cheilt.

20. Níl aon smaoineamh ann a éalaíonn uaidh;agus níl aon fhocal folaithe uaidh.

21. Chuir sé eagar ar éachtaí a chuid eagnaíochta,óir tá sé ann ón tsíoraíocht agus beidh sé ann go brách;ní féidir cur leis ná baint uaidh,ná níl comhairle aon duine de dhíth air.

22. Nach breá iad a chuid oibreacha go léir,agus nach taibhseach iad le feiceáil!

23. Maireann siad uile agus beidh siad ann go brách;is cuma cad a thiteann amach, géilleann siad go léir dó.

Síorach 42