Síorach 41:18-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Agus faoi choir i láthair breithimh agus rialtóra:agus faoi chionta i láthair chomhthionól an phobail;

19. Agus faoi éagóir i láthair chomrádaí nó carad;agus faoi ghoid i láthair do chomharsana i do thimpeall;

20. Bíodh náire ort i láthair fírinne Dé agus a chonartha;[bíodh náire ort] faoi uillinn a leagan ar an mbord;

21. Faoi a bheith ciotrúnta ag glacadh nó ag riar;faoi bheith i do thost leis an muintir a bheannaíonn duit;

Síorach 41