Síorach 40:24-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. D'uain an anró deartháireacha nó lámh chúnta,ach is fearr an déirc chun tarrthála ná ceachtar acu.

25. Teannta daingean don chois ór agus airgead,ach is fearr dea-chomhairle ná ceachtar acu.

26. Tugann maoin agus neart ardú croí,ach is fearr eagla an Tiarna ná ceachtar acu;ní ghabhann cailliúint le heagla an Tiarna,agus ní gá cabhair a lorg ina teannta.

27. Is cuma nó parthas beannaithe eagla an Tiarna,agus is fearr a chludaíonn sí duine ná aon ghlóir.

28. Ná tuill do bheatha mar fhear déirce, a mhic ó;is fearr an bás ná bheith beo ar dhéirc.

29. Ní féidir saol an té a mbíonn a shúil ar bhord duine eilea mheas ina shaol ar aon chor;truaillíonn sé é féin le bia duine eile;sheachnódh fear eolgaiseach dea-thógtha a leithéid.

30. Tagann achainí go bog ar bhéal an duine gan náire,ach lasfaidh tine ina bholg.

Síorach 40