Síorach 40:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ceapadh mórchuid anró do gach duine,agus tá cuing throm ar chlann Ádhaimh,ón lá a thagann siad as broinn a máthargo dtí an lá a fhilleann siad ar mháthair na n‑uile.

2. Sé a líonann a gcroí le buairt agus le heagla,sé is crá agus imní dóibh ná lá an bháis;

3. Ón bhfear a shuíonn i ríchathaoir thaibhseachgo dtí an t‑ainniseoir ina luí i ndeannach agus luaithreach,

4. Ón té ar a bhfuil éide chorcra agus coróingo dtí an té atá gleasta in éadach róin,níl ach fearg agus éad, suaitheadh agus cíor thuathail,eagla báis agus cuthach agus achrann.

5. Nuair a luíonn duine ar a leabaní dhéanann codladh ach a aigne a bhuaireamh.

6. Is ar éigean a bhíonn sé imithe chun suain,nuair a shuaitear é trína chodladh ag taibhsí ina aigne,amhail is dá mba [é lár an lae é];is cuma é nó fear ag teitheadh ó chath;

7. Dúisíonn sé ar noiméad a fhuascailteagus ionadh air nach raibh bonn lena scéin.

8. An uile dhúil, idir dhuine agus ainmhí,- agus seacht n‑uaire níos measa ná sin na peacaigh,

9. Sé tá i ndán dóibh: bás, doirteadh fola, achrann, claíomh,tubaistí, gorta, trioblóid agus plá.

10. Do na coirpigh a cruthaíodh na nithe sin go léir,agus tháinig an díle dá mbarr.

11. Gach a dtagann ón gcré, filleann siad ar an gcré;gach a dtagann ón uisce, filleann siad ar an bhfarraige.

12. Scriosfar gach breabaireacht agus éagóir,ach mairfidh an iontaoibh go brách.

Síorach 40