Síorach 39:7-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Cuirfidh sé dea-threoir ar a intinn agus ar a eolas,agus déanfaidh sé machnamh ar a rúndiamhra folaithe.

8. Léireoidh sé an teagasc a tugadh dó,agus beidh sé mórtasach as dlí chonradh an Tiarna.

9. Molfaidh na sluaite a chumas tuisceana,agus ní ligfear i ndearmad é go deo;ní rachaidh a chuimhne ar ceal,agus mairfidh a ainm ó ghlúin go glúin.

10. Fogróidh ciníocha a eagna,agus comórfaidh an comhthionól a mholtaí.

11. Má mhaireann sé i bhfad, sáróidh a cháil míle;má fhaigheann sé bás, ní beag sin dó.

12. Tá a thuilleadh le rá agam, toradh mo mhachnaimh,agus táim lán suas de, dála na lánré.

13. Éistigí liom a chlann bhúidh, agus tagadh bláth oraibh,mar a thiocfadh ar rós ag fás ar bhruach sileáin.

14. Tugaigí cumhracht uaibh ar nós na túise;bláthaigí ar nós na lile;scaipigí an mus agus canaigí laoi mholta;molaigí an Tiarna ar son a oibreacha go léir.

15. Móraigí a ainm,tugaigí moladh agus buíochas dóle laoithe in bhur mbéal agus ceol ó bhur lireanna;ní mór daoibh é mholadh mar leanas:

16. “Nach álainn iad oibreacha uile an Tiarna!cuirfear gach ní a ordaíonn sé i gcrích gan mhoill!”ná deirtear: “Céard é seo? Cad chuige é siúd?”mar déanfar gach ní a iniúchadh ina uain.

17. Le focal uaidh, stadann an t‑uisce ina charn,agus le briathar a bhéil líontar na taiscumair uisce.

18. Le hordú uaidh déantar mar is áil leis,agus ní féidir d'aon duine a chumas slánaithe a laghdú.

19. Tá oibreacha gach dúile os a chomhair,agus ní féidir aon ní a cheilt ar a shúile;

20. Síneann réim a radhairc ó cheann ceann na síoraíochtaagus níl aon ní iontach ina shúile.

21. Ná deirtear: “Ceard é seo? Cad chuige é siúd?”óir cruthaíodh gach ní le feidhm ar leith.

22. Clúdaíonn a bheannacht an talamh tirim mar a dhéanfadh abhainn,agus bánn é mar a dhéanfadh tuile.

23. Ar an tslí sin a bheidh fraoch a fheirge mar oidhreacht ag na náisiúin,faoi mar a rinne sé sáile den fhíoruisce.

24. Is réidh iad a bhealaí do na cráifigh,ach is lán de chonstaicí iad do na hurchóidigh.

25. Cruthaíodh nithe fónta ó thus do na dea-dhaoine,agus mar an gcéanna urchóidí do na peacaigh.

26. Is iad na bunriachtanais do bheatha an duine,ná uisce, tine, iarann, salann,plúr cruithneachta, bainne, mil,sú na fíniúna, ola, agus éadach.

Síorach 39