22. Clúdaíonn a bheannacht an talamh tirim mar a dhéanfadh abhainn,agus bánn é mar a dhéanfadh tuile.
23. Ar an tslí sin a bheidh fraoch a fheirge mar oidhreacht ag na náisiúin,faoi mar a rinne sé sáile den fhíoruisce.
24. Is réidh iad a bhealaí do na cráifigh,ach is lán de chonstaicí iad do na hurchóidigh.
25. Cruthaíodh nithe fónta ó thus do na dea-dhaoine,agus mar an gcéanna urchóidí do na peacaigh.
26. Is iad na bunriachtanais do bheatha an duine,ná uisce, tine, iarann, salann,plúr cruithneachta, bainne, mil,sú na fíniúna, ola, agus éadach.
27. Is maith iad sin go léir do na fíréinach déantar olc díobh do na peacaigh.
28. Tá gaotha ann a cruthaíodh le díoltas a imirt,agus le linn a fheirge sciúrsálann siad go géar.
29. Tine agus cloch shneachta, gorta agus plá,- cruthaíodh iadsan go léir le fonn díoltais.
30. Fiacla na n‑ainmhithe allta, scairpeanna, nathracha,agus claíomh an díoltais le héagráifigh a scrios,
31. Comhlíonann siadsan go léir a ordú le lúcháir,agus ullmhaíodh ar talamh iad d'aon ghnó a bheadh díobh;nuair a thiocfaidh an t‑am ní dhiúltóidh siad dá bhriathar.
32. Uime sin bhíos cinnte de ó thús,rinne mé mo mhachnamh air agus scríobh mé síos é:
33. Is maith iad oibreacha uile an Tiarnaagus déanfaidh sé gach gá a shásamh i dtráth.