Síorach 38:15-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. An té a pheacaíonn i láthair a chruthaitheora,go dtite sé faoi chúram lia.

16. Titeadh de dheora, a mhic ó, ar son an mhairbh,agus cuir ceann ar an gcaoineadh lena thaispeáint gur goirt é do chumha;cuir a chorp faoi chlár leis an ómós is dual dó,agus ná déan faillí ina uaigh.

17. Bíodh do ghol go goirt agus d'olagón géar;comhlíon an caoineadh mar is dual don mharbh,ar feadh lae nó dhó le heagla casaoide,agus ansin glac le sólás de bharr do bhróin;

18. Óir d'fhéadfadh bás a theacht ón mbrón,agus cuireann brón an chroí as don neart.

19. Maireann brón leis an donasagus goilleann saol ainnis ar an gcroí.

20. Ná scaoil an dólás isteach i do chroi,ach tiomáin chun siúil é, ag cuimhneamh duit ar do chríocha déanacha.

21. Ná déan dearmad de nach bhfuil filleadh i ndán;ní fhóireann tú ar an marbh, agus déanann tú díobháil duit féin.

Síorach 38