Síorach 36:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dean trocaire orainn, a Thiarna, a Dhia na n‑uile, agus féach anuas orainn; 2 tabhair ar gach náisiún eagla a ghlacadh romhat.

2. Ardaigh do lámh in aghaidh na gciníocha eachtrannacha,agus lig dóibh do chumas a fheiceáil.

3. Faoi mar a naomhaíodh thú ionainne os a gcomhairsean,go móraítear thú iontusan os ar gcomhairne.

4. Tugaidís aitheantas duitse faoi mar a aithnímidnenach bhfuil aon Dia ann ach thú, a Thiarna.

5. Tabhair comharthaí nua uait agus déan nithe iontacha eile;déan glóir a ghnóthú do do láimh agus do do ghéag dheas.

6. Adhain d'fhearg agus doirt amach do chuthach;scrios an t‑eascara agus díothaigh an namhaid.

7. Brostaigh an uain agus cuimhnigh ar an spriocam;agus bíodh d'éachtaí i mbéal na ndaoine.

8. Go loisctear an té a thagann slán i bhfraoch na feirge,agus go raibh an díothú i ndán do lucht urchóide a dhéanamh ar do phobal.

9. Basc cinn lucht ceannais an namhad,iad siúd a deir: “Níl ann ach sinn féin amháin.”

10. Cruinnigh le chéile treibheanna uile Iacóib;tabhair dóibh an oidhreacht mar a bhí acu ar dtús.

11. Déan trócaire, a Thiarna, ar an bpobal ar tugadh d'ainm féin orthu;ar Iosrael a bhí amhail céadghin agat.

12. v Bíodh trua agat do do chathair naofa,do Iarúsailéim, d'áit chónaithe féin.

13. Líon Síón le hamhráin do mholta,agus do [theampall] le do ghlóir.

Síorach 36