Síorach 35:5-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Is maise don altóir é tabhartas an fhíréin;éiríonn boladh cumhra uaidh i láthair an Té is Airde.

6. Is inghlactha ag an Tiarna íobairt an fhíréin;ní ligfear i ndíchuimhne í go brách.

7. Tabhair glóir don Tiarna go fial flaithiúil;ná bí gann faoi chéadtorthaí do lámh.

8. Nuair a thugann tú tabhartas uait, bíodh aoibh an gháire ar d'aghaidh,agus coisric do dheachú le háthas.

9. Tabhair don Té is Airde mar a thugann sé duit -chomh fial fairsing agus is acmhainn duit.

10. Óir is é an Tiarna a chúiteoidh an chomaoin sin leat,agus cúiteoidh sé leat í faoi seacht.

11. Ná tairg breab dó; ní ghlacfaidh sé uait í;ná cuir do mhuinín in íobairt éagórach.

12. Óir is breitheamh é an Tiarna,agus is ionann íseal agus uasal aige.

13. Ní dhéanfaidh sé leathchuma ar an duine bocht,ach éistfidh sé le hachainí an té a ndearnadh éagóir air.

14. Ní thabharfaidh sé cluas bhodhar d'achainí an dílleachta,ná don bhaintreach nuair a inseoidh sí a scéal dó.

15. Ná sileann na deora ar ghrua na baintrí,agus í ag glaoch in aghaidh an té faoi deara iad?

16. An té a fhónann le dea-thoil, glacfar leis,agus bainfidh a achainí na néalta féin amach.

17. Gabhann guí an duine uirísil trí na néalta suas,agus ní bhfaighidh sé sólás go mbainfidh sí ceann sprice amach.

18. Ní stopfaidh sé choíche go dtabharfaidh an té is Airde aird air,agus go seasfaidh sé ceart don dream macánta agus go dtabharfaidh sé breithiúnas uaidh.

Síorach 35