21. Nó go scriosfaidh sé sluaite na n‑uaibhreach,agus go mbrisfidh sé ríshlata na n‑éagráifeach,
22. Nó go gcúiteoidh sé cách de réir a ngníomhartha,agus oibreacha na ndaoine de réir mar is dual do mhian a gcroí,
23. Nó go dtabharfaidh sé breith ar chás a mhuintire,agus lúcháir a chur orthu de bharr a thrócaire.
24. Bíonn fáilte roimh thrócaire in am an chruatain,faoi mar a bheadh roimh scamaill fearthainne le linn triomaigh.