1. Is iomaí ofráil a dhéanann duine tríd an dlí a chomhlíonadh;ofrálann sé íobairtí síochána trí na haitheanta a choimeád.
2. Nuair a dhéanann sé comaoin a chúiteamh tugann sé tabhartas uaidh de phlúr mín;nuair a thugann sé déirc uaidh, ofrálann sé íobairt mholta.
3. Tarraing siar ón mallaitheacht agus beidh gnaoi an Tiarna ort;tréig an t‑éigeart agus déanfaidh tú leorghníomh leis.
4. Ná tar folamh i láthair an Tiarna; mar tá na nithe seo uile dlite de bharr na haithne.
5. Is maise don altóir é tabhartas an fhíréin;éiríonn boladh cumhra uaidh i láthair an Té is Airde.
6. Is inghlactha ag an Tiarna íobairt an fhíréin;ní ligfear i ndíchuimhne í go brách.
7. Tabhair glóir don Tiarna go fial flaithiúil;ná bí gann faoi chéadtorthaí do lámh.
8. Nuair a thugann tú tabhartas uait, bíodh aoibh an gháire ar d'aghaidh,agus coisric do dheachú le háthas.
9. Tabhair don Té is Airde mar a thugann sé duit -chomh fial fairsing agus is acmhainn duit.
10. Óir is é an Tiarna a chúiteoidh an chomaoin sin leat,agus cúiteoidh sé leat í faoi seacht.
11. Ná tairg breab dó; ní ghlacfaidh sé uait í;ná cuir do mhuinín in íobairt éagórach.
12. Óir is breitheamh é an Tiarna,agus is ionann íseal agus uasal aige.