Síorach 34:15-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Is méanar do mheanma an té ar a bhfuil eagla an Tiarna;cé air a bhfuil sé ag brath? cé is taca dó?

16. Tá súile an Tiarna orthu siúd a thugann grá dó;Is dídean thréan é agus teannta láidir;is fothain é ón ngaoth the agus scáth ó ghrian an mheanlae,is cosaint é ar an mbarrthuisle agus lámh chunta in aghaidh titim.

17. Ardaíonn sé an t‑anam agus tugann solas do na súile;bronnann sé leigheas agus beatha agus beannacht.

18. Muga maga is ea íobairt d'ofráil a fuarthas go héagórach;ní dual glacadh le bronntanas na gcoirpeach.

19. Ní gean leis an Té is Airde ofrálacha na n‑éagráifeach,agus ní dhéanann raidhse ofrálacha leorghníomh leis i bpeacaí.

20. Is cuma nó mac a bhású os comhair súile a athar,íobairt a ofráil as cuid na mbocht.

21. Beagán bia is beatha don bhocht,agus an té a thógann chun siúil é, is lámh dhearg é.

22. An té a bhaineann a shlí bheatha dá chomharsa, maraíonn sé é;an té a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann sé fuil.

Síorach 34