1. Leis an daoi a bhaineann dóchas folamh bréagach;cuireann brionglóidí sceitimíní ar ghliogairí.
2. Is cuma muinín a chur i mbrionglóidínó greim a bhreith ar scáileanna nó rith i ndiaidh na gaoithe.
3. Is mar a chéile brionglóid [agus scathán],cosúlacht na gceannaithe os comhair na gceannaithe;
4. Cad a ghlanfar trí mhíghlaine?Cad a fhíorófar trí bhréag?