Síorach 33:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Má bhíonn eagla ar dhuine roimh an Tiarna,ní thiocfaidh aon olc ina bhóthar,ach déanfaidh seisean é a fhuascailt arís agus arís eile.

2. Ní fuath leis an saoi an dlí;is cuma nó long i stoirm an té a bhíonn ag fimínteacht faoi.

3. Cuirfidh an t‑eagnaí a mhuinín sa dlí,mar tá an dlí chomh hiontaofa le horacal dar leis.

4. Bíodh do chuid cainte ullamh agat agus gheobhaidh tú éisteacht;cruinnigh d'fhoghlaim agus tabhair do fhreagra.

5. Is cuma nó roth trucaile croí an amadáin,agus is cuma a smaointe nó mol ag casadh.

6. Is cuma stail thnúthach nó cara searbhasach;bíonn sé ag seitreach cibé a bhíonn ag marcaíocht air.

7. Cén fáth ar fearr lá ná lá eileós rud é gurb ón ngrian solas gach lae sa bhliain?

8. In aigne Dé a rinneadh an difir eatarthu;agus eisean a dheighil séasúir agus féilte ó chéile.

9. Rinne sé cuid díobh a mhóradh agus a naomhú,agus d'áirigh sé a thuilleadh díobh ina ndálaigh.

10. As an talamh a d'eascair gach duine,agus as an deannach a cruthaíodh Ádhamh.

11. Dhifrigh an Tiarna óna chéile iad in iomláine a eolais,agus cheap sé a mbealaí ar leith dóibh.

12. Bheannaigh agus mhóraigh sé cuid díobh;naomhaigh agus dhruid ina chóngar féin a thuilleadh díobh.Chuir sé mallacht ar chuid eile acu agus d'ísligh iad,agus thiomáin sé as a láithreacha iad.

13. Dála na cré i láimh an chriadóra,[le múnlú] mar is mian leis,mar sin atá an duine i láimh an té a chum é,le tabhairt dó de réir mar a bheartaíonn sé.

14. Seasann an mhaith in aghaidh an oilc,agus an bheatha in aghaidh an bháis;a dhálasan leis an bpeacach in aghaidh an fhíréin.

15. Caith súil mar sin ar oibreacha uile an Té is Airde;táid ina gcúplaí ceann in aghaidh an chinn eile.

16. Ba mise ba dhéanaí a bhí ag fairemar a bheadh gráinseoir i ndiaidh na meithile.

17. De dheonú Dé bhain mé an tosach de chách;agus líon mé mo chantaoir mar a dhéanfadh fear den mheitheal.

Síorach 33