Síorach 31:10-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Cé a d'fhéad peaca a dhéanamh agus nach ndearna,agus olc a dhéanamh agus nach ndearna?

11. Cuirfear bonn daingean faoina chonách,agus comórfaidh an comhthionól go léir a dhéirc.

12. Ar bhuail tú fút ag bord flaithiúil?ná bíodh craos ort chuige,agus ná habair: “Cad é bia atá air!”

13. Cuimhnigh gurb olc an rud í súil na dúile,ar cruthaíodh aon ní is miangasaí na í?Uime sin tugann sí na deora ar gach grua.

14. Ná sín do lámh chun gach a bhfeicfidh tú,agus ná bí ag trasnaíl [ar do chomharsa] chun na méise.

15. Tabhair do bhreith ar do chomharsa de réir do cháis féin,agus bí tuisceanach i ngach cúram.

16. Ith a gcuirtear romhat mar a dhéanfadh duine [ar a bhfuil tabhairt suas];ná bí ag cogaint go cíocrach d'fhonn nach mbeadh an ghráin ort.

17. Bí ar an gcéad duine a stadfaidh den bhia le barr deabhéas;ná bí doshásta nó tabharfaidh tú masla.

18. Má bhíonn tú suite le comhluadarná sín do lámh rompu.

19. Nach beag é dóthain an duine dea-thógtha!ní bhíonn giorranáil air nuair a luíonn sé ar a leaba.

20. Tá codladh na sláinte ag brath ar ghoile tomhaiste;bíonn an mochóirí chomh folláin le breac.Bíonn neamhchodladh, masmas, agus póiti ndán don sutha.

21. Má itheann tú breis, éirígh ón mbord,[caith suas é] agus gheobhaidh tú faoiseamh.

22. Éist liom a mhic, agus tabhair aird orm,agus ar deireadh tuigfidh tú mo chuid cainte.Bí broidiúil i mbun do ghnóthaí go léiragus ní bhfaighidh easláinte greim ort.

23. Molfaidh daoine an té atá fial faoi bhia;agus is iontaofa an teist a thabharfaidh siad ar a fhéile.

24. An té atá sprionlaithe faoi bhia, beidh sé i mbéal gach aon duine sa chathair,agus is cruinn an teist a thabharfaidh siad ar a sprionlaitheacht.

25. Ná bí i do ghaiscíoch i mbun fíona,mar is iomaí duine a scrios an fíon.

26. Déanann tine agus uisce an crua a phromhadh;ar an tslí chéanna déanann an fíon croíthe a phromhadh in aighneas na ndíomasach.

27. Is cuma nó beatha don duine an fíonach é a ól go tomhaiste.Cad is fiú saol gan fíon?cruthaíodh é le lúcháir a chur ar dhaoine.

28. Cuireann fíon áthas ar an gcroí agus lúcháir ar an aigneach é a ól san am ceart agus sa tomhas ceart.

Síorach 31