4. Fág go bhfaigheadh an t‑athair bás is geall le beo fós dó,mar fágann sé a fhinechruth ina dhiaidh.
5. Fad a mhair sé bhí sé de shólás aige radharc a bheith aige air,agus ag fáil bháis dó ní raibh aon mhairg air.
6. Fágann sé fear a imreoidh díoltas ar a naimhde,agus a íocfaidh an comhar lena chairde.
7. An té a dhéanann peata dá mhac, beidh sé ag cur bindealáin lena chréachtaí,agus beidh a chroí go dtí a bhéal le gach liú.
8. An capall nach mbristear, bíonn sé ceanndána,agus an mac gan smacht bíonn sé stuacach.
9. Bí ag peataireacht le do mhac, agus cuirfidh sé scanradh ort;bí ag súgradh leis, agus cuirfidh sé dólás ort.
10. Ná bí ag gáire leis chun nach mbeifeá ag gol leis,agus ar deireadh go mbeadh d'fhiacla ag gioscán.
11. Ná tabhair údarás dó ina óige,agus ná caoch súil ar a thuaiplisí.
12. [Crom a mhuineál agus é ina naíonán]agus buail a mhaotháin agus é ógd'fhonn nach n‑éireodh sé ceanndána agus bheitheasumhal duit (agus brón a chur ar do chroí).
13. Cuir smacht ar do mhac agus lean air,d'fhonn nach dtabharfadh a mhínáire aithis duit.
14. Is fearr as an bochtán ina shláinte agus ina neart,ná an duine saibhir atá á chrá ag drochshláinte.
15. Is fearr sláinte agus neart ná ór ar bith,agus colainn dhochaite ná maoin gan áireamh.
16. Is fearr sláinte choirp ná saibhreas ar bith,agus ní sháraíonn aon aoibhneas an croí suairc.
17. Is fearr an bás ná saol dona,agus suaimhneas síoraí ná breoiteacht bhuan.
18. Is cuma nithe maithe a chaitheamh le béal iata,nó ofrálacha bia a fhágáil ar uaigh.
19. Cén tairbhe d'íol ofráil torthaí?níl cumas ite ná bolaithe aige;is mar sin don té ar a luíonn an Tiarna.