Síorach 30:22-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Maireann an duine ar aoibhneas croí,agus is fad saoil dó an t‑áthas.

23. Cuir lúcháir ar d'aigne agus tabhair sólás do do chroí;cuir an ruaig i bhfad uait ar an mbrón,mar is iomaí duine a scrios an brón,agus ní aon tairbhe é d'aon duine.

24. Ciorraíonn an t‑éad agus an fhearg saol duine,agus déanann imní an tseanaois a bhrostú.

25. Fear croí éadroim agus fear croí mhóir,beidh [rian a choda] air.

Síorach 30