6. An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.
7. Agus déanfaidh sé seirbhís dá thuismitheoirí dála an daoir.
8. Bíodh urraim agat do d'athair ó ghníomh agus ó bhriathar,i dtreo go dtiocfaidh beannacht ort uaidh.
9. Óir daingníonn beannacht athar tithe na clainne,ach déanann mallacht máthar iad a staitheadh óna mbonn.
10. Ná bí ag maíomh as ábhar aithise do d'athair,óir ní glóir duitse aithis d'athar.
11. Is ón urraim a thugann sé dá athair a bhláthaíonn glóir dhuine,agus is náire do leanaí masla a thabhairt dá máthair.
12. A mhic, glac cúram d'athar ort féin i ndeireadh a shaoilagus ná cuir brón air fad is beo dó.
13. Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis;ná bíodh drochmheas agat air, toisc, tú féin a bheith i mbarr do mhaítheasa.
14. Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d'athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.
15. I lá na cúngrachta rachaidh a chuimhne chun sochair duit;leáfaidh do pheacaí dála an tseaca san aimsir bhreá.