3. An té a mbíonn urraim aige dá athair, déanann sé leorghníomh ina pheacaí.
4. An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.
5. An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n‑ábhar áthais dó,agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.
6. An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.
7. Agus déanfaidh sé seirbhís dá thuismitheoirí dála an daoir.
8. Bíodh urraim agat do d'athair ó ghníomh agus ó bhriathar,i dtreo go dtiocfaidh beannacht ort uaidh.
9. Óir daingníonn beannacht athar tithe na clainne,ach déanann mallacht máthar iad a staitheadh óna mbonn.
10. Ná bí ag maíomh as ábhar aithise do d'athair,óir ní glóir duitse aithis d'athar.
11. Is ón urraim a thugann sé dá athair a bhláthaíonn glóir dhuine,agus is náire do leanaí masla a thabhairt dá máthair.