Síorach 3:14-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d'athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.

15. I lá na cúngrachta rachaidh a chuimhne chun sochair duit;leáfaidh do pheacaí dála an tseaca san aimsir bhreá.

16. An té a thréigeann a athair, ní fearr é ná diamhaslóir;agus an té a chuireann fearg ar a mháthair, tá mallacht an Tiarna air.

17. A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.

18. Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,agus beidh gnaoi an Tiarna ort.

19. (Is líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.)

20. Is éachtach í cumhacht an Tiarna,agus tugann lucht na huirísle onóir dó.

Síorach 3