10. Ná bí ag maíomh as ábhar aithise do d'athair,óir ní glóir duitse aithis d'athar.
11. Is ón urraim a thugann sé dá athair a bhláthaíonn glóir dhuine,agus is náire do leanaí masla a thabhairt dá máthair.
12. A mhic, glac cúram d'athar ort féin i ndeireadh a shaoilagus ná cuir brón air fad is beo dó.
13. Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis;ná bíodh drochmheas agat air, toisc, tú féin a bheith i mbarr do mhaítheasa.
14. Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d'athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.
15. I lá na cúngrachta rachaidh a chuimhne chun sochair duit;leáfaidh do pheacaí dála an tseaca san aimsir bhreá.
16. An té a thréigeann a athair, ní fearr é ná diamhaslóir;agus an té a chuireann fearg ar a mháthair, tá mallacht an Tiarna air.
17. A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.
18. Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,agus beidh gnaoi an Tiarna ort.
19. (Is líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.)
20. Is éachtach í cumhacht an Tiarna,agus tugann lucht na huirísle onóir dó.
21. Ná bí ag lorg eolais ar nithe atá ródheacair duit,agus ná cuir fiafraí ar nithe atá thar do chumas.
22. Déan machnamh ar na horduithe a tugadh duit,ní gá duit bheith buartha faoi na nithe atá folaithe uait.
23. Ná bí ag gabháil de nithe atá os cionn d'acmhainne,
24. Óir na nithe a taispeánadh duit cheana féin,sáraíonn siad tuiscint an duine.
25. Is iomaí duine ar chuir a bharúil féin ar seachrán é,agus ar chlaon a bhaoth-thuairimí féin a chumas breithúnais.