Síorach 3:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. A leanaí, éistigí liomsa, bhur n‑athair;agus déanaigí rud orm le go mbeadh sibh slán.

2. Tugann an Tiarna onóir don athair trí bhíthin a chlainne,agus déanann sé údarás na máthar ar a cuid clainne a dhaingniú.

3. An té a mbíonn urraim aige dá athair, déanann sé leorghníomh ina pheacaí.

4. An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.

5. An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n‑ábhar áthais dó,agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.

6. An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.

7. Agus déanfaidh sé seirbhís dá thuismitheoirí dála an daoir.

8. Bíodh urraim agat do d'athair ó ghníomh agus ó bhriathar,i dtreo go dtiocfaidh beannacht ort uaidh.

9. Óir daingníonn beannacht athar tithe na clainne,ach déanann mallacht máthar iad a staitheadh óna mbonn.

10. Ná bí ag maíomh as ábhar aithise do d'athair,óir ní glóir duitse aithis d'athar.

11. Is ón urraim a thugann sé dá athair a bhláthaíonn glóir dhuine,agus is náire do leanaí masla a thabhairt dá máthair.

12. A mhic, glac cúram d'athar ort féin i ndeireadh a shaoilagus ná cuir brón air fad is beo dó.

Síorach 3