Síorach 29:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bí foighneach dá ainneoin sin le fear an ghátair,agus ná bíodh sé ag feitheamh le do dhéirc.

9. Tar i gcabhair ar an mbochtán ar son na haithne,agus ná scaoil uait folamh é agus é ar an ngannchúis.

10. Caith do chuid airgid ar do bhráthair nó ar do chara,agus ná lig do mheirg teacht air faoi chloch agus dul amú.

11. Cnuasaigh do stór de réir aitheanta an té is Airde,agus rachaidh sé chun sochair duit níos fearr ná ór.

12. Cuir déirc i dtaisce i do chiste,agus fuasclóidh sí thú as gach tubaiste.

13. Troidfidh sí in aghaidh do namhad,níos fearr ná sciath dhaingean nó sleá throm.

14. Rachaidh an fear maith i mbannaí ar a chomharsa;ach an té a chaill a náire, loicfidh sé air.

15. Ná déan dearmad de chumaoin d'urra,mar thug sé a anam ar do shon.

16. Is cuma leis an bpeacach faoi chonách a urra;agus an duine míbhuíoch, déanann sé dearmad den té a d'fhuascail é.

17. Is iomaí duine acmhainneach a scriosadh trí dhul i mbannaí;chroith sé iad mar a dhéanfadh tonn farraige.

18. Chuir sé fir chumasacha ar ionnarba,agus d'fhág ar fán iad i measc ciníocha coimhthíocha.

19. An peacach a thit faoi bhannaíagus a bhíonn sa tóir ar an mbreis, beidh sé i ngreim sa dlí.

Síorach 29