Síorach 29:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Rachaidh an fear maith i mbannaí ar a chomharsa;ach an té a chaill a náire, loicfidh sé air.

15. Ná déan dearmad de chumaoin d'urra,mar thug sé a anam ar do shon.

16. Is cuma leis an bpeacach faoi chonách a urra;agus an duine míbhuíoch, déanann sé dearmad den té a d'fhuascail é.

17. Is iomaí duine acmhainneach a scriosadh trí dhul i mbannaí;chroith sé iad mar a dhéanfadh tonn farraige.

18. Chuir sé fir chumasacha ar ionnarba,agus d'fhág ar fán iad i measc ciníocha coimhthíocha.

19. An peacach a thit faoi bhannaíagus a bhíonn sa tóir ar an mbreis, beidh sé i ngreim sa dlí.

20. Tar i gcabhair ar do chomharsa de réir do chumais,agus seachain agus ná tit!

21. Tús na beatha uisce, agus bia, agus éadachagus teach mar bhrat ar an náire.

Síorach 29