Síorach 28:20-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Óir is cuing iarainn a cuingagus is geimhle cré-umha a geimhle;

21. Anbhás an bás a imríonn sí,agus is fearr Seól ná í.

22. Ní bhfaighidh sí smacht ar na fíréin,ná ní dhófar iad ina tine.

23. An mhuintir a thréigfidh an Tiarna, titfidh siad inti;bladhmfaidh sí ina measc agus ní mhúchfar í;scaoilfear fúthu í mar a dhéanfaí leon,agus bascfaidh sí iad mar a dhéanfadh liopard.

Síorach 28