Síorach 28:12-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Séid an sméaróid, agus lasfaidh sí;caith seile uirthi agus múchfaidh sí;as do bhéal amach a thagann siad araon.

13. Léan ar an gcúlchainteoir agus ar an gcladhaire;mar is iomaí duine de lucht na síochána a scrios sé.

14. Rinne an [tromaíocht] a lán a shuaitheadh,agus a scaipeadh ó náisiún go náisiún;scrios sí cathracha daingne,agus leag ar lár teaghlaigh na dtréan.

15. Thiomáin an [tromaíocht] mná cróga ar shiúlagus d fhág iad gan luach a saothair.

16. Ní bheidh suaimhneas ag an té a thabharfaidh cluas di;ná ní chuirfidh sé faoi go síochánta.

17. Fágann buille den lasc riasta,ach briseann léasadh teanga na cnámha.

18. Is iomaí duine a thit le faobhar claímh,ach is mó ná sin a thit le faobhar teanga.

19. Is méanar don té a díonadh uirthi,nár tháinig faoina cuthach,nár iompair a cuing,agus nár cuibhríodh faoina geimhle.

20. Óir is cuing iarainn a cuingagus is geimhle cré-umha a geimhle;

21. Anbhás an bás a imríonn sí,agus is fearr Seól ná í.

22. Ní bhfaighidh sí smacht ar na fíréin,ná ní dhófar iad ina tine.

23. An mhuintir a thréigfidh an Tiarna, titfidh siad inti;bladhmfaidh sí ina measc agus ní mhúchfar í;scaoilfear fúthu í mar a dhéanfaí leon,agus bascfaidh sí iad mar a dhéanfadh liopard.

24. Cuir fál droighin timpeall d fháltais,agus cuir do chuid airgid agus óir faoi ghlas i dtaisce.

25. Déan scálaí agus méa do do bhriathra,agus doras agus bolta do do bhéal.

26. Seachain agus ná déan peaca le [do theanga],le heagla go dtitfeá mar chreach leis an té atá i luíochán.

Síorach 28