10. De réir meid an chonnaidh is ea a bheidh an béileach,agus de réir chruas an chomhraic a bheidh an bhladhm;de réir neart an fhir a bheidh a chuthach,agus méadóidh ar a fhearg, de réir a mhaoine.
11. Adhnann aighneas tobann tine,agus doirteann achrann mire fuil.
12. Séid an sméaróid, agus lasfaidh sí;caith seile uirthi agus múchfaidh sí;as do bhéal amach a thagann siad araon.
13. Léan ar an gcúlchainteoir agus ar an gcladhaire;mar is iomaí duine de lucht na síochána a scrios sé.
14. Rinne an [tromaíocht] a lán a shuaitheadh,agus a scaipeadh ó náisiún go náisiún;scrios sí cathracha daingne,agus leag ar lár teaghlaigh na dtréan.
15. Thiomáin an [tromaíocht] mná cróga ar shiúlagus d fhág iad gan luach a saothair.
16. Ní bheidh suaimhneas ag an té a thabharfaidh cluas di;ná ní chuirfidh sé faoi go síochánta.
17. Fágann buille den lasc riasta,ach briseann léasadh teanga na cnámha.
18. Is iomaí duine a thit le faobhar claímh,ach is mó ná sin a thit le faobhar teanga.
19. Is méanar don té a díonadh uirthi,nár tháinig faoina cuthach,nár iompair a cuing,agus nár cuibhríodh faoina geimhle.
20. Óir is cuing iarainn a cuingagus is geimhle cré-umha a geimhle;