Síorach 28:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a imríonn díoltas, imreoidh an Tiarna díoltas air,mar coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí.

2. Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé,agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit.

3. Má choimeádann duine olc istigh do dhuine eile,conas is féidir leis leigheas a lorg ar an Tiarna?

4. Mura ndéanann sé trócaire ar dhuine cosúil leis féin,conas is féidir leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin?

5. Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath;cé a mhaithfidh a pheacaí dó?

6. Cuimhnigh ar do chríoch dheireanach, agus scoir den fhuath;cuimhnigh ar an scrios agus an bás, agus mair de réir na n‑aitheanta.

7. Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bíodh olc agat do do chomharsa;cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde, agus ná tóg ceann den aineolas.

8. Seachain an t‑achrann agus is lú peaca a dhéanfaidh tú:óir adhnann fear drochmhianaigh achrann.

Síorach 28