Síorach 27:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Má théann tú sa tóir ar an gcóir, déanfaidh tú í a ghnóthú,agus a chaitheamh mar fhallaing ghlórmhar.

9. Aithníonn ciaróg ciaróg eile,agus filleann an fhírinne ar lucht a cleachtaithe.

10. Déanann an leon luíochán ar a chreach,agus sa tslí chéanna an peaca ar lucht déanta an oilc.

11. Is críonna i gcónaí í caint an duine chráifigh,ach tá an t‑éaganta chomh guagach leis an ngealach.

12. I measc na ndúr duit, bí ag faire na faille,ach fan bog i measc na dtuisceanach.

13. Is gránna í caint na n‑amadán,agus is ragairneach peacúil é a ngáire.

14. Chuirfeadh caint lucht mionnaí a thabhairt do ghruaig ar bior;agus chuirfeadh a gcuid aighneas ort do mhéara a chur i do chluasa.

15. Doirteadh fola is críoch le hachrann na ndíomasach;chuirfeadh sé masmas ort éisteacht lena gcuid asachán.

16. An té a sceitheann rúin, scriosann sé muinín,agus ní bhfaighidh sé cara ar a mhian go deo.

17. Bíodh cion agat ar do chara, agus bí dílis dó;ach má sceith tú a rúin, ná rith ina dhiaidh arís.

Síorach 27