1. Is iomaí duine a rinne peaca ar son [brabúis];an té ar mian leis a bheith saibhir, ní foláir dó [a bheith bómanta].
2. Faigheann cuaille greim daingean i scoilt idir carraigeacha;déanann an peaca ding de féin idir díol agus ceannach.
3. Mura gcloíonn duine go díograiseach le heagla an Tiarna,ní fada an mhoill ar a theaghlach titim óna chéile.
4. Nuair a chroitear an criathar fágtar an dramhaíl ann;mar an gcéanna feictear lochtanna an duine trí bhíthin a chuid cainte.
5. Tástálann an sorn soithí an photaire;agus triailtear an duine trí bhíthin a chomhrá.
6. Taispeánann toradh an chrainn an aire a tugadh dó;mar an gcéanna taispeánann briathra an duine claonta a chroí.
7. Ná mol duine go mbeidh deireadh ráite aige;óir is mar sin a dhéantar é a thástáil.
8. Má théann tú sa tóir ar an gcóir, déanfaidh tú í a ghnóthú,agus a chaitheamh mar fhallaing ghlórmhar.
9. Aithníonn ciaróg ciaróg eile,agus filleann an fhírinne ar lucht a cleachtaithe.