Síorach 26:10-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Bíodh faire dhian ar iníon cheanndána,nó, nuair a bheidh cead a cinn aici,bainfidh sí feidhm dhíobhálach as.

11. Seachain a súil mhínáireach;agus ná cuireadh sé ionadh ort má pheacaíonn sí i do choinne.

12. Faoi mar a osclaíonn taistealaí a bhéal le barr tartaagus a ólann sé aon uisce a thagann ina threo,suífidh sí os comhair gach cuaille,agus osclóidh sí a bolgán don tsaighead.

13. Is geal le fear grástúlacht a mhná,agus cuireann a cuid eolais saill ar a chnámha.

14. Bronntanas ó Dhia bean ar bheagán focal;ní féidir luach a chur ar mheon dea-mhuinte.

15. Tabhartas ar thabhartas bean mhodhúil;ní féidir aigne gheanmnaí a mheá mar is dual.

16. Mar an ghrian ag éirí de dhroim sléibhte an Tiarna,is mar sin atá ag áille dea-mhná i dteach dea-riartha.

17. Mar an choinneal ag taitneamh ar an gcoinnleoir naofa,is mar sin atá ag ceannaithe áille ar cholainn chórach.

18. Mar cholúin órga ar bhonn airgid,is mar sin atá cosa dea-chumtha ar [sháile] daingine.

19. (Caomhnaigh bláth d óige, a mhic ó,agus ná caith do neart le coimhthígh.

20. Cuardaigh an machaire go léir le haghaidh ghoirt thorthúil;cuir do shíol féin ann, le barr muiníne as feabhas do phóir.

21. Mairfidh do shliocht ar an gcuma sin,agus rachaidh méadú orthu le bród as a ndúchas fónta.

22. Meas priosla a bhíonn ar striapach,ach is túr básaithe dá lucht suirí an bhean dhleathach.

23. Tugtar bean aindiagaithe mar chuid do choirpeach,ach bean chráifeach don fhear arb eagal leis an Tiarna.

Síorach 26