1. [Is geal le mo chroí trí nithe,agus is geal le Dia agus le daoine iad]- tuiscint idir deartháireacha, cairdeas idir comharsana,agus lánúin a mhaireann go sona sásta lena chéile.
2. Tá trí shórt duine is fuath le mo chroí,agus is mór mar a ghoilleann a saol orm- bochtán a bhorrann le huabhar, bréagaire saibhir,agus adhaltranach aosta gan chiall.
3. Mura ndearna tú cnuasach i d'óige,conas a gheobhaidh tú aon ní i do sheanaois?
4. Nach breá é an dea-bhreithiúnas ó chinn liatha,agus dea-chomhairle á tabhairt ag liatha!
5. Nach breá í eagna na sean,agus tuiscint agus comhairle ó lucht an ghradaim!
6. Coróin na seanaoise taithí fhairsing,agus eagla an Tiarna ábhar a maite.
7. Ritheann naoi smaoineamh liom a chuireann gliondar ar mo chroí,agus tá an deichiú ceann ar bharr mo theanga:fear ar a gcuireann a chlann lúcháir,fear a mhaireann le turnamh a naimhde a fheiceáil;
8. Is aoibhinn don fhear a dhéanann aontíos le bean chiallmhar,agus nach ndearna botún ina chaint,agus nach ndearna seirbhís do dhuine níos táire ná é;
9. Is aoibhinn don té a fuair dea-chiall;agus a dtugann a lucht éiste aird air.
10. Nach éachtach é an té a d'aimsigh an eagna,ach níl sárú ar an té ar a bhfuil eagla an Tiarna.
11. Sáraíonn eagla an Tiarna an uile níagus cé is inchomhórtais leis an té atá ina mháistir uirthi?
12. (Tús a ghrá eagla an Tiarna,agus tús an chreidimh cloí leis.)