2. Osclóidh sí a béal i gcomhthionól an Té is Airdeagus déanfaidh sí mórtas i láthair a shlua.
3. “Tháinig mé amach as béal an Té is Airde,agus chlúdaigh mé an talamh mar scamall.
4. Bhí mo bhoth agam sna harda,agus mo ríchathaoir ar cholún néil.
5. Rinne mé cuairt stua na spéire liom féin,agus shiúil mé i ndoimhne an duibheagáin.
6. Tá sealúchas agam i dtonnta na bóchna, agus ar fud an domhain,i ngach pobal agus i ngach cine.
7. Lorg mé áit lonnaithe ina measc sin go léir,agus cé hiad a suífinn mo champa ina gcríocha.
8. Ansin thug cruthaitheoir an uile ní ordú dom,agus cheap an té a chruthaigh mé láthair do mo bhoth;dúirt sé: ‘Déan cónaí i Iacób,agus bíodh Iosrael agat mar oidhreacht.’
9. Ón tsíoraíocht roimh thúsú an domhain, chruthaigh sé mé,agus beidh mé ann go brách na breithe.
10. Rinne mé freastal ina láthair sa bhoth naofa,agus ar an gcuma sin daingníodh mé ar Shíón.
11. Mar an gcéanna chuir sé i mo chónaí mé sa chathair is ansa leis,agus is in Iarúsailéim atá mo thiarnas agam.
12. Chuir mé fréamhacha amach i bpobal a bhí faoi ghradam,i sealúchas an Tiarna arb é a oidhreacht é.
13. D'fhás mé suas go hard mar chéadar sa Liobáin,agus mar chufróg ar ardáin Hearmón.
14. D'fhás mé suas go hard mar chrann pailme in Éan Geidí,agus mar mhuine rós in Ireachó,mar ológ mhaisiúil ar mhachaire;agus mar chrann plána d'fhás mé aníos.
15. Thug mé cumhracht uaim mar chainéal agus acaicia,agus spréigh mé musc mar thogha an mhiorr,mar ghalbanam, onux, agus stactae,agus mar chumhracht na túise sa bhoth.
16. Leath mé mo ghéaga mar an teiribint;is géaga glóire agus maise mo ghéaga;
17. Dála na fíniúna, d'eascair craobha áille asam,agus tá glóir agus saibhreas mar thoradh ar mo bhláth.
18. (Mise máthair an ghrá álainn, na heagla, an eolais, agus an dóchais bhúidh;tugtar mé dá bhrí sin do mo chlann go léir ón tsíoraíocht, dóibh siúd go léir a ainmníonn sé.)
19. Tagaigí chugam sibhse go léir a bhfuil dúil agaibh ionam,agus ithigí bhur sáith de mo chuid torthaí.
20. Óir is milse ná mil a bheith ag cuimhneamh orm,agus is dea-bhlasta fós ná cíor mheala mé a shealbhú.
21. Beidh dúil i mbreis ag an muintir a itheann méagus tart chun a thuilleadh fós ar an muintir a ólfaidh mé.
22. Ní náireofar an té a éisteann liom,agus a mhuintir a dhéanann rud orm, ní dhéanfaidh siad peaca choíche.”