1. Tá an eagna á moladh féin,agus ag déanamh mórtais i measc a muintire.
2. Osclóidh sí a béal i gcomhthionól an Té is Airdeagus déanfaidh sí mórtas i láthair a shlua.
3. “Tháinig mé amach as béal an Té is Airde,agus chlúdaigh mé an talamh mar scamall.
4. Bhí mo bhoth agam sna harda,agus mo ríchathaoir ar cholún néil.
5. Rinne mé cuairt stua na spéire liom féin,agus shiúil mé i ndoimhne an duibheagáin.