Síorach 22:18-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. An fál cuaillí ar an ard,ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na gaoithe;sé an dála céanna é ag croí an daoi,scanraíonn a smaointe féin é,agus ní sheasóidh sé an fód in aghaidh na heagla.

19. Prioc súil agus sceithfidh deora;prioc croí agus sceithfidh taom.

20. Caith clocha le héanlaith, agus scaipfidh siad le heagla;caith asachán le cara, agus scaipfidh tú an cairdeas.

21. Má nocht tú claíomh in aghaidh do charad,ná bíodh éadóchas ort, mar tá conair fillte ann.

Síorach 22