14. Tá croí an amadáin mar chrúsca briste,agus ní fhanfaidh aon eolas ann.
15. Má chloiseann fear tuisceanach caint chiallmhar,molfaidh sé í agus cuirfidh sé léi;má chloiseann macnasaí í, ní thaitneoidh sí leisagus caithfidh sé laistiar dá dhroim í.
16. Tá tuairisc an amadáin mar ualach ar aistear,ach is solas é éisteacht le duine éirimiúil.
17. Beifear ag tnúth go géar sa chomhthionól le focail an duine chliste,agus déanfar a chuid cainte a mheá ó chroí.
18. Is cuma nó fothrach tí an eagna don daoi;agus níl in eolas an bhaotháin ach giofaireacht gan éifeacht.
19. Níl san oideachas don duine gan éirim, ach mar laincis faoina chosa,nó mar chuibhreach ar a láimh dheas.
20. Gáireann an t‑amadán in ard a ghutha,ach tagann meangadh gáire go réidh ar an duine stuama.
21. Is cuma nó ornáid óir an t‑oideachas don duine géarchúiseach,nó bráisléad ar a láimh dheas.
22. Bíonn fuadar faoi chois an amadáin isteach i dteach,ach seasann fear na taithí go hurramach os a chomhair.
23. Bíonn an dúr ag gliúcaíl tríd an doras isteachach seasann an duine múinte lasmuigh.