1. A mhic, má thugann tú faoi sheirbhís a dhéanamh don Tiarna,ullmhaigh thú féin chun cathú a sheasamh.
2. Bíodh croí ionraic buanseasmhach ionat,agus ná bí buartha in am na hanachana.
3. Cloígh leis [an Tiarna] agus ná himigh uaidh,agus tabharfar onóir duit ag deireadh do shaoil.
4. Cibé cor a thabharfar ort, ná diúltaigh dó;agus bí foighneach fadaraíonach má thugtar isliú céime duit.
5. Óir tástáiltear ór sa tine;agus tástáiltear daoine tofa i bhfoirnéis an anró.
6. Bíodh muinín agat as an Tiarna agus fóirfidh sé ort;déan díreach do chuid bealaí agus cuir do dhóchas ann.
7. Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bígí ag tnúth lena thrócaire;ná hiompaígí i leataobh ar eagla go dtitfeadh sibh ar lár.
8. Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bíodh muinín agaibh as;agus ní cheilfear bhur luach saothair oraibh.
9. Sibhse a bhfuil eagla an Tiarna oraibh, bígí ag súil leis an maith,agus le haoibhneas síoraí agus trócaire.
10. Breathnaígí na glúine atá imithe romhaibh, agus osclaígí bhur súile,cé a chuir a mhuinín sa Tiarna riamh agus gur náiríodh é?Nó cé a raibh eagla air roimhe go buan agus gur tréigeadh é?nó cé a ghlaoigh air riamh agus gur tugadh cluas bhodhar dó?