Síorach 18:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Cé ar féidir leis a chumhacht mhaorga a thomhas?agus cé ar féidir leis dul ar aghaidh agus bearta a thrócaire go léir a ríomhadh?

6. Ní féidir baint uathu, ná cur leo,ná ní féidir iontais an Tiarna a rianadh.

7. Nuair a bheidh deireadh déanta ag duine, níl sé ach ag tosú;nuair a stadfaidh sé, beidh sé fós i bponc.

8. Céard é an duine, agus cén tairbhe é?Cad is maith dó? agus cad is olc?

9. Is fada é ré an duinemá shroicheann sé céad bliain.

10. Ar aon dul le braon ó uisce na farraige, nó gráinne gainimh,sin mar atá ag beagán blianta seachas an tsíoraíocht.

11. Uime sin tá an Tiarna foighneach leo,agus doirteann sé a thrócaire orthu;

12. Chonaic sé agus tá a fhios aige go mbeidh droch-chríoch orthu;uime sin maitheann sé dóibh go fial.

Síorach 18