24. Cuimhnigh ar a fhearg sna laethanta deiridh,ar uain an díoltais, nuair a iompóidh sé a aghaidh i leataobh;
25. In am na flúirse, cuimhnigh ar am an ghorta;agus ar bhochtaine agus ar ghannchúis i laethanta na maoine.
26. Sleamhnaíonn an t‑am ar aghaidh ó mhaidin go trathnóna;bíonn luas faoi gach ní i láthair an Tiarna.
27. Bíonn an duine eagnaí cáiréiseach i ngach gnó,agus i laethanta an pheaca bíonn sé ar a fhaire in aghaidh na coiriúlachta.
28. Tá aithne ag gach saoi ar an eagna,agus molann sé an té a fhaigheann greim uirthi.
29. An mhuintir a thuigeann seanfhocail éiríonn siad féin eagnaí,agus sceitheann nathanna cuí uathu féin.
30. Ná lean d'ainmhianta féin,ach cuir smacht ar do mhianta.
31. Má ligeann tú duit féin sásamh a bhaint as do mhiangais,déanfaidh sin ceap magaidh díot ag do naimhde.
32. Ná caith do shaol le lucht sócamais,le heagla go rachfá i ngreim sa sórt sin cuideachta.