Síorach 18:20-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Déan tú féin a iniúchadh roimh an mbreithiúnas,agus in uain an fhiosraithe gheobhaidh tú maithiúnas.

21. Roimh éirí tinn duit, umhlaigh thú féin;nuair a bhíonn tú ar tí peaca, cas ar ais.

22. Ná déanadh aon ní thú a chosc ó mhóid a chomhlíonadh i dtráth,agus ná fan go bás le bheith saor uaithi.

23. Roimh móid a ghlacadh, ullmhaigh thú féin,agus ná bí mar fhear atá ag promhadh an Tiarna.

24. Cuimhnigh ar a fhearg sna laethanta deiridh,ar uain an díoltais, nuair a iompóidh sé a aghaidh i leataobh;

25. In am na flúirse, cuimhnigh ar am an ghorta;agus ar bhochtaine agus ar ghannchúis i laethanta na maoine.

26. Sleamhnaíonn an t‑am ar aghaidh ó mhaidin go trathnóna;bíonn luas faoi gach ní i láthair an Tiarna.

27. Bíonn an duine eagnaí cáiréiseach i ngach gnó,agus i laethanta an pheaca bíonn sé ar a fhaire in aghaidh na coiriúlachta.

28. Tá aithne ag gach saoi ar an eagna,agus molann sé an té a fhaigheann greim uirthi.

Síorach 18