1. An té a mhaireann go síoraí is é a rinne an uile ní.
2. Sé an Tiarna amháin a fhógrófar cóir;(agus níl aon neach eile ann ach é.
3. Stiúrann sé an chruinne le cor dá láimh, agus géilleann gach ní dá thoil;is rí é ar an uile ní agus scarann sé an naofa ón gcoitianta ina measc lena chumhacht.)
4. Níor thug sé cumhacht d'aon duine a éachtaí a fhógairt;agus cé ar féidir leis a fhearta a spiúnadh?
5. Cé ar féidir leis a chumhacht mhaorga a thomhas?agus cé ar féidir leis dul ar aghaidh agus bearta a thrócaire go léir a ríomhadh?
6. Ní féidir baint uathu, ná cur leo,ná ní féidir iontais an Tiarna a rianadh.
7. Nuair a bheidh deireadh déanta ag duine, níl sé ach ag tosú;nuair a stadfaidh sé, beidh sé fós i bponc.
8. Céard é an duine, agus cén tairbhe é?Cad is maith dó? agus cad is olc?
9. Is fada é ré an duinemá shroicheann sé céad bliain.
10. Ar aon dul le braon ó uisce na farraige, nó gráinne gainimh,sin mar atá ag beagán blianta seachas an tsíoraíocht.
11. Uime sin tá an Tiarna foighneach leo,agus doirteann sé a thrócaire orthu;
12. Chonaic sé agus tá a fhios aige go mbeidh droch-chríoch orthu;uime sin maitheann sé dóibh go fial.
13. Bíonn trua ag an duine dá chomharsa,ach bíonn trua ag an Tiarna don uile dhúil bheo;smachtaíonn sé oileann, tugann teagasc,agus seolann sé ar ais iad mar a dhéanfadh aoire a thréad.