Síorach 17:3-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Bhronn sé neart orthu mar a neart féinagus rinne sé iad de réir a dheilbhe féin.

4. Thug sé ar gach ní beo eagla a ghlacadh rompu,agus rinne sé máistrí díobh ar bheithígh agus ar éanlaith.

5. (Fuair siad feidhm na gcúig chumhacht ón Tiarna, agus, mar shéú ceann,roinnt den intleacht, agus, mar sheachtú, an réasún a mhíníonn a chumhachtaí.)

6. Dhealbhaigh sé béal, teanga, súile agus cluasa dóibhagus croí chun machnamh a dhéanamh.

7. Líon sé iad le heolas agus le tuiscintagus thaispeáin sé dóibh an mhaith agus an t‑olc.

8. Chuir sé a sholas féin ina gcroí,chun mórgacht a oibreacha féin a léiriú dóibh.

9. (Chuir sé ar a gcumas a éachtaí féin a ghlóiriú go brách.)

10. Molfaidh siad a ainm naofachun a chuid gníomhartha glórmhara a fhógairt don saol.

11. Bhronn sé orthu bua na tuisceana,agus thug sé dlí na beatha dóibh mar oidhreacht.

12. Rinne sé conradh síoraí leo,agus d'fhoilsigh sé dóibh a bhreitheanna.

Síorach 17