Síorach 15:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanfaidh sé mar sin;agus an té a dhéanann a chuid féin den dlí, gheobhaidh sé bua na heagna.

2. Tiocfaidh sí ina airicis ar nós máthar,agus glacfaidh sí chuici é mar a dhéanfadh maighdean brídeoige.

3. Cothóidh sí é le harán na tuisceana,agus tabharfaidh sí uisce na heagna dó le hól.

4. Beidh sí mar thaca aige agus ní thitfidh sé;beidh a mhuinín aige aisti agus ní náireofar é.

5. Ardóidh sí os cionn a chomharsana é,agus tabharfaidh sí bua na cainte dó i láthair an chomhthionóil.

6. Gheobhaidh sé aoibhneas agus barr áthais uaithi,agus bainfidh sé clú buanmharthanach amach mar oidhreacht.

7. Ní bhfaighidh daoine éaganta aon ghreim uirthi,ná peacaigh aon radharc uirthi.

8. Is fada i gcéin í ón uabhar,agus ní chuimhneoidh lucht an éithigh choíche uirthi.

Síorach 15