Síorach 15:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanfaidh sé mar sin;agus an té a dhéanann a chuid féin den dlí, gheobhaidh sé bua na heagna.

2. Tiocfaidh sí ina airicis ar nós máthar,agus glacfaidh sí chuici é mar a dhéanfadh maighdean brídeoige.

3. Cothóidh sí é le harán na tuisceana,agus tabharfaidh sí uisce na heagna dó le hól.

4. Beidh sí mar thaca aige agus ní thitfidh sé;beidh a mhuinín aige aisti agus ní náireofar é.

5. Ardóidh sí os cionn a chomharsana é,agus tabharfaidh sí bua na cainte dó i láthair an chomhthionóil.

6. Gheobhaidh sé aoibhneas agus barr áthais uaithi,agus bainfidh sé clú buanmharthanach amach mar oidhreacht.

Síorach 15