3. Déanann an duine saibhir éagóir, agus caitheann asacháin de bhreis air sin;déantar éagóir ar an mbochtán, agus gabhann sé leithscéal.
4. Má bhíonn aon tairbhe ionat, bainfidh sé feidhm asat;munar féidir leat coinneáil suas leis, fágfaidh sé ansin thú.
5. Má tá rud agat, mairfidh sé farat;déanfaidh sé do chuid a ídiú, ach ní chuirfidh sin mairg air.
6. An bhfuil gá aige leat? - cuirfidh sé an dallamullóg ort;déanfaidh sé gáire leat agus ardóidh do dhóchas,agus labhróidh go séimh leat agus déarfaidh: “Cad ab áil leat?”
7. Cuirfidh sé náire ort lena bhéilí,nó go lomfaidh sé thú faoi dhó nó faoi thrí,agus thiar ó dheireadh déanfaidh sé ceap magaidh díot;má leagann sé súil ort ina dhiaidh sin, déanfaidh sé neamhaird díot,agus croithfidh sé a cheann i do thaobh.
8. Seachain agus ná cuirtear dallamullóg ort;agus ná náirítear thú de bharr d'éagantachta.
9. Nuair a thugann duine mór le rá cuireadh duit, tóg go réidh é,agus is móide a dhéanfaidh sé a chuireadh a thathant ort.
10. Ná sáigh thú féin chun cinn agus ná brúitear i leataobh thú;ná fan as an tslí le nach ndéanfar faillí ort.
11. Ná lig ort gurb ionann tú agus é,agus ná geill do thuile a bhriathra;níl ina chaint go léir ach é do do thriail d'aon ghnó,agus ar chúl a gháire níl sé ach do do thomhas.
12. Is duine gan taise an duine béalscaoilteach,ní chosnóidh sé thú ar phian ná ar chuibhreacha.
13. Bí ag breith chugat féin agus ar d'fhaire go géar,óir tá tú ag gabháil timpeall le do thubaiste féin!