1. An té a chuirfidh a lámh ar an bpic, saileofar é;an té a mbíonn caidreamh aige ar an uaibhreach, éireoidh sé cosúil leis.
2. Ná hiompair ualach atá róthrom duit,agus ná taithigh duine níos cumhachtaí ná níos saibhre ná thú;cén gnó atá ag an bpota cré le taobh an choire iarainn?buailfidh an coire ina choinne, agus brísfear é.
3. Déanann an duine saibhir éagóir, agus caitheann asacháin de bhreis air sin;déantar éagóir ar an mbochtán, agus gabhann sé leithscéal.