1. Má chuireann tú comaoin ar dhuine, faigh amach cé hé,agus beifear buíoch duit ar son do bheart fónta.
2. Cuir comaoin ar an bhfíréan, agus gheobhaidh tú luach saothair,agus mura bhfaighidh tú uaidhsean é, gheobhaidh tú ón Té is Airde go cinnte.
3. Níl aon mhaith i ndán don té a chloíonn leis an olc,ná don té nach dtugann déirc.
4. Tabhair don fhíréan, ach ná téigh i gcabhair ar an bpeacach.
5. Déan an mhaith don duine uiríseal,ach ná tabhair aon ní don éagráifeach;diúltaigh a chuid aráin dó agus ná tabhair dó é,le heagla go gcloífeadh sé thú dá bharr;óir gheobhaidh tú an t‑olc ar ais faoi dhómar chúiteamh ar a ndéanann tú de mhaith dó.
6. Óir is gráin leis an té is Airde na peacaigh,agus déanfaidh sé díoltas a imirt ar na heágráifigh.
7. Tabhair don fhear maith, ach ná cabhraigh leis an bpeacach.
8. Ní aithneofar cara fíor in am an tséin,ná ní cheilfear namhaid in am an ghátair.
9. Nuair a bhíonn ag rith le duine, bíonn a naimhde go duairc;nuair a bhíonn an scéal go hainnis aige, déanfaidh fiú a chara é a sheachaint.
10. Ná bíodh muinín agat go brách as do namhaid,óir tagann smál ar a choirpeacht dála an chopair.