11. Fear an tsaothair, na fuirse, agus na deifre,níl aige dá mbarr ach a bheith níos mó chun deiridh.
12. Tá ainniseoir eile ann agus cabhair á lorg aige;tá neart de dhíth air, agus an bhochtaine ar snámh air;ach tá súil an Tiarna air le gnaoi,agus ardaíonn sé é as clais na hainnise,
13. Agus tugann sé ardú cinn dó,rud a chuireann alltacht ar a lán.
14. Sonas agus donas, beatha agus bás,bochtaine agus saibhreas, is ón Tiarna a thagann siad.
15. (Is ón Tiarna a thagann an eagna, tuiscint, agus eolas ar an dlí;Is uaidh an déirc agus bealaí na ndea-oibreacha;
16. Cruthaíodh an seachrán agus an dorchadas mar aon leis na peacaigh;rachaidh an t‑olc in aois leo siúd a bhaineann taitneamh as an olc.)
17. Maireann tabhartas an Tiarna do na fíréin,agus beidh rith an rása go brách leis an ní is gean leis.